Tá trinseáil agus suiteáil na duchtála chun an cábla srutha dhírigh ardvoltais (SDAV) a iompar feadh an bhealaigh ó Thrá an Chaisleáin Chria go dtí an stáisiún tiontaire i mBaile Adaim curtha i gcrích. Tá suiteáil cábla sna duchtanna agus siúntáil faid na gcáblaí lena chéile feadh an bhealaigh ar an N25 idir Eochaill agus Cill Ia curtha i gcrích, agus cuirfear an bóthar ar ais mar a bhí an mhí seo chugainn. Is ionann sin agus cuid amháin den trí chuid de bhealach an chábla ar an N25. Leanfar leis an obair ar an dara cuid ó Chill Ia go Baile na Martra.