Tá ról lárnach ag an gcósta theas maidir le fuinneamh amach ón gcósta a chur chun cinn in Éirinn san am atá le teacht agus maidir le heangach leictreachais inbhuanaithe a chruthú le go mbeimid níos neamhspleáiche ó thaobh an fhuinnimh de. Leagtar béim mhór ar chumhacht na gaoithe amach ón gcósta sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, agus gealltanas Rialtas na hÉireann go dtiocfaidh suas le 80% d’fhuinneamh na tíre ó fhoinsí in-athnuaite faoi dheireadh 2030. Tá comhairliúchán poiblí ar bun ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) de chuid an Rialtais faoi láthair maidir leis an áit atá molta d’fhorbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta ar an gcósta theas. Tugtar sonraí i nDréachtphlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas (SC-DMAP).
File