Bhí an tionscadal seo ina ábhar do roinnt athbhreithnithe neamhspleácha agus tá aitheantas tugtha ag EirGrid don athbhreithniú is déanaí ar an Idirnascaire Thuaidh-Theas, a d’fhoilsigh an Rialtas. Glacann an t-athbhreithniú seo le torthaí tuarascálacha roimhe seo lena n-áirítear Coimisiún Saineolaithe 2018 a thug le fios gur cheart don Idirnascaire Thuaidh-Theas dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe mar líne lasnairde. Toisc go bhfuil cead pleanála iomlán ag an tionscadal in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann rachaidh sé ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile den tionscadal.