Bhíomar i dteagmháil leat cheana i mí na Samhna 2024 chun EirGrid, agus ár gcuid pleananna chun an eangach leictreachais i do cheantar a threisiú, a chur faoi do bhráid. Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag EirGrid anois maidir leis an gcéad chéim de Thionscadal Treisithe Eangaí Cill Dara - Baile Átha Cliath. Sa chéad chéim seo den chomhairliúchán, cinnfear cá háit go díreach a mbeidh an dá fhostáisiún nua suite i gceantar Chontae Átha Cliath Thiar agus Chontae Chill Dara Thoir. Lorgóidh EirGrid aiseolas freisin i ndáil leis na roghanna teicneolaíochta atá ar fáil do na fostáisiúin seo.