Le tionscadal an idirnascaire Cheiltigh cruthófar idirnasc leictreachais idir Éire agus an Fhrainc chun malartú leictreachais idir an dá thír a éascú. Déanfaidh an nasc an fostáisiún leictreachais atá ann faoi láthair i gCnoc Rátha (in oirthear Chorcaí) a cheangal leis an bhfostáisiún in La Martyre (Finistère, an Fhrainc).