File
Cumhdaítear sa tuarascáil bhliantúil seo an bhliain airgeadais ón 1 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Le linn na tréimhse sin, leanamar de chóras cumhachta agus margadh atá sábháilte, slán agus athléimneach a oibriú. Leanamar freisin lenár gcuid oibre chun claochlú na hearnála leictreachais is gá a sholáthar chun spriocanna fuinnimh agus aeráide na hÉireann a bhaint amach, chomh maith le toilleadh eangaí a fhorbairt chun tacú le fás sóisialta agus eacnamaíoch. Go háirithe, bhaineamar garspriocanna suntasacha amach chun athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibrímid an córas cumhachta agus chun ár mórthionscadail bhonneagair is mó tosaíochta a chur chun cinn.