File
Le tionscadal an Idirnascaire Cheiltigh, cruthófar idirnasc leictreachais idir Éirinn agus an Fhrainc chun malartú leictreachais idir an dá thír a éascú. Déanfaidh an nasc an fostáisiún leictreachais atá ann faoi láthair i gCnoc Rátha (in oirthear Chorcaí) a cheangal leis an bhfostáisiún in La Martyre (Finistère, an Fhrainc). Cuirfidh sé le soláthar leictreachais níos inbhuanaithe agus níos seasmhaí agus an t-aon nasc díreach fuinnimh amháin idir Éirinn agus Ballstát den Aontas Eorpach á chur ar fáil aige. Tá an tionscadal á fhorbairt ag EirGrid, oibritheoir an chórais tarchurtha leictreachais in Éirinn, agus a mhacasamhail sa Fhrainc, Réseau de Transport d’Électricité (RTE). Ceaptar go mbeidh sé críochnaithe in 2026.