Tuarascáil Bhliantúil EirGrid 2021

Oibríonn agus forbraíonn EirGrid Group an córas leictreachais in Éire agus i dTuaisceart Éireann. An príomhról atá againn ná córas cumhachta uileoileáin agus an margadh leictreachais mordhíola a oibriú, a fhorbairt agus a fheabhsú. Chomh maith leis sin, forbraímid agus oibrímid idirnaisc le heangacha in aice linn agus cumasaímid idirnascairí tríú páirtí. Seolann EirGrid cumhacht ón áit a ngintear í chuig an áit a dteastaítear í, ag an praghas is eacnamúla is féidir.