Tuarascáil Bhliantúil EirGrid 2020

Déanann Grúpa EirGrid an córas leictreachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a oibriú agus a fhorbairt. Is é an príomhról atá againn ná an córas cumhachta uile-oileáin agus an margadh mórdhíola leictreachais a oibriú, a fhorbairt agus a fheabhsú. Déanaimid idirnaisc le heangacha in aice láimhe a fhorbairt agus a oibriú freisin, chomh maith le hidirnaisc tríú páirtí a chumasú.